Tá Coill na Tulaigh Móire suite ag Tulaigh Mhór, an Garastún, Co. Fhear Manach. Tá sé seo ar cheann de na suíomhanna is pictiúrtha in Éirinn, agus tá radhairc uaidh ar chontaethe Liatroma agus Dún na nGall.

Fáilte chuig Naturehug, dúlra na hÉireann mar bhronntanas. Tá deis a ofráil againn duit bronntanas faoi leith de Dhúlra agus Oidhreacht na hÉireann a thabhairt don té is ansa leat, a bpíosa féin de choillearnach tiomnaithe. Go ceann 100 bliain amach anseo beidh siad ábalta féachaint ar an bhronntanas s’acu ag fás ó phairc oscailte go coilltearnach nadúrtha dúchasach a bheidh ag cur thar maoil le fiadhúlra agus ainmhithe. Beidh gach cuairt a thugann siad mar thoradh dearfach ar an fhlaithiúlacht s’agatsa agus ar do chuimhne.
Tá talamh talmhaíochta a athphlandáil ag NatureHug le crainn dúchasacha Éireannacha, an crann darach, an crann fuinseoige agus an crann caorthainn lenár gcoilltearnaigh ciannda Ceilteacha a athchruthú, le tearmann a chur ar fáil don fhiadhúlra dúchasach agus chun cuidiú le laghdú an téamhú domhanda.
Is féidir leat cuid de choill na Tulaigh Móire a cheannach agus é a thiomnú do dhuine éigin a dtugann tú grá dó nó di; do gharpháiste, do leanbh nó do leannán, cur i gcás. Déanfaidh muid:
*Iniata sa phaca bhronntanais tá teastas tiomnuithe phearsanta, teastas um chearta carbóin, léarscáil láithreáin na coille s’againn agus bileoga eolais mar aon le cuireadh bhliaitúil chun teacht ar cuairt. Guthán: +44 (0)786 676 1238 ríomhphost: info@naturehug.com